Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.
Cad é Ráiteas Ranníocaíochta?
Achoimre de do thaifead árachais shóisialta in Éirinn is ea ráiteas cuntais.
Beidh tú in ann na rudaí seo a leanas a fheiceáil:
- An méid ranníocaíochtaí atá déanta agat, suas go deireadh na bliana cánach is deireanaí.
- Aon chreidmheas a fuair tú.
Ní réamhaisnéis de do Phinsean Stáit atá i gceist le do thaifead ar líne.
Cé is féidir leis Ráiteas Ranníocaíochta a iarraidh?
Is féidir le haon duine a bhfuil cuntas MyGovID aige ráiteas rannaíochta a iarraidh.
Cad a iarrfar ort?
Cuntas MyGovID cinntithe
Ní cheanglófar ort aon mhionsonraí pearsanta a sholáthar.
Sealbhóir cuntais MyGovID bunúsaigh
Ceanglófar ort an fhaisnéis seo a sholáthar: D’uimhir PSP, Ainm, Dáta Breithe, Seoladh, Sloinne Roimh Phósadh do Mháthar Más rud é nach dtagann d’uimhir PSP, do dháta breithe nó do sheoladh le chéile leis an eolas atá ar taifead, beidh ort freastal ar an oifig Intreo áitiúil duit chun do chuid sonraí a dheimhniú.
Ranníocaíochtaí 2023
Ní bheidh ranníocaíochtaí ÍMAT do 2023 ar fáil ar ráitis go dtí deireadh mhí an Mhárta 2024 nuair a bheidh taifid na gCoimisinéirí Ioncaim ar fáil don Roinn seo. Má tá tú ag iarraidh ráiteas ranníocaíochta cothrom le dáta a ordú a chuimsíonn an bhliain 2023 cuir isteach d’iarratas ón 1 Aibreán 2024 ar aghaidh le do thoil.
Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.