As obair mar gheall ar COVID-19
Má tá íocaíocht Cuardaitheora Poist á lorg agat toisc go bhfuil tú dífhostaithe go hiomlán mar gheall ar COVID-19, déan iarratas ar Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 ar dtús chun íocaíocht láithreach a chinntiú.
Cad is íocaíocht Cuardaitheora Poist ann?
Íocaíocht do dhaoine atá as obair nó a cuireadh ag obair go páirtaimseartha is ea íocaíocht cuardaitheora poist, chun cabhrú leat tacú leat féin agus tú ag lorg oibre
Má chailleann tú do phost ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht Cuardaitheora Poist chomh luath agus is féidir
Cé atá in ann Íocaíocht Cuardaitheora Poist a fháil?
D'fhéadfá Íocaíocht Cuardaitheora Poist a fháil:
- Má tá tú os cionn 18 mbliana d’aois
- Má tá tú in ann obair a dhéanamh
- Má tá tú ag lorg oibre
- Maidir le Sochar Cuardaitheora Poist, má tá go leor ranníocaíochtaí ÁSPC agat
- Maidir le Liúntas Cuardaitheora Poist, má shásaíonn tú tástáil acmhainne
Má tá tú féinfhostaithe is féidir leat iarratas a dhéanamh anois ar líne ar íocaíocht Cuardaitheora Poist.
Cé na ceisteanna a chuirfear ort?