Céimeanna chun do chuntas bainc a athrú

  1. Cliceáil ar an nasc díreach nó ar cheann de na tíleanna seo a leanas Tuismitheoirí, Teaghlach agus Leanaí nó Pinsin agus Daoine Scothaosta Roghnaigh Athraigh mo Mhodh Íocaíochta agus roghnaigh Tuilleadh eolais. Ar an gcéad scáileán eile, roghnaigh Déan Iarratas Anois. Léigh tríd an méid a iarrfar ort a dhéanamh agus ansin cliceáil Tosaigh iarratas.

  2. Roghnaigh an íocaíocht atá á fáil agat ón Roinn, gan ach scéim amháin a roghnú ag an am, agus cliceáil Sábháil agus Lean ar aghaidhag an mbun chun bogadh ar aghaidh go dtí an chéad leathanach eile.

  3. Roghnaigh Cuir cuntas bainc nua leis agus cuir isteach sonraí nua do chuntais bainc. Cliceáil Sábháil agus Lean ar aghaidhchun bogadh go dtí an leathanach achoimre.

  4. Déan athbhreithniú ar an bhfaisnéis íocaíochta a d'iontráil tú agus léigh an dearbhú. Cuir tic leis gur léigh tú an dearbhú agus gur aontaigh tú leis agus ansin cliceáil ar 'Cuir isteach'.

  5. Tá d'iarratas ar Athrú Íocaíochta curtha isteach anois. Gheobhaidh tú fógra chun é seo a dheimhniú. Seiceáil do chuntais bhainc le do thoil agus ceadaigh suas le 10 lá chun go dtarlóidh an t-athrú.

  6. Déan na céimeanna seo arís do gach scéim/íocaíocht a gcaithfidh tú a athrú.

Céimeanna chun cuntas Fíoraithe MyGovID a bhunú

  1. Faigh Cuntas Bunúsach, beidh rochtain ar do chuntas ríomhphoist ag teastáil uait. Téigh chuig www.mygovid.ie agus cliceáil ar Cruthaigh Cuntas Bunúsach Anois. Cuir isteach do chuid sonraí agus cruthaigh pasfhocal. Seiceáil do chuntas ríomhphoist mar go seolfar cód aonuaire chugat. Nuair a bheidh an cód curtha isteach agat, tá cuntas bunúsach agat anois.

  2. Fíoraigh do Chuntas Bunúsach, beidh do Chárta Seirbhíse Poiblí agus d'fhón póca ag teastáil uait. Cliceáil ar an gcnaipeFíoraigh mo Chuntas Bunúsach agus cuir isteach d'fhaisnéis Cárta Seirbhíse Poiblí. Má fhíoraítear d'uimhir fón póca, gheobhaidh tú cód aonuaire a sheoltar i dteachtaireacht téacs. Mura bhfuil uimhir theileafóin fíoraithe agat, seolfar cód chugat sa phost. Nuair a gheobhaidh tú an cód 6 dhigit seo, cuir isteach é agus déanfar do chuntas a fhíorú.