Íocaíochtaí na Nollag

De bharr Saoire Phoiblí i mí na Nollag, beidh na dátaí íocaíochta difriúil. Chun a chinntiú go bhfaigheann tú íocaíochtaí in am an mhí seo, lean na treoirlínte thíos chun do phatrún oibre a chur isteach i gceart. Déan cinnte cuir isteach a chliceáil agus fan don teachtaireacht buíochais roimh gach spriocdháta.

An bealach is éasca chun aon chur isteach ar d'íocaíocht a sheachaint;

  • Cuir ceist ar d'fhostóir mar gheall ar do phatrún oibre a bhfuiltear ag súil leis do mhí na Nollag.
  • Ar an 13/14 Nollaig, chomh maith le do ghnáthsheachtain oibre, iarrfar ort na patrúin oibre ionchais a chur in iúl ar feadh na coicíse ina dhiaidh sin (20ú / 21ú Nollaig agus 27ú / 28ú Nollaig). An chúis atá leis seo ná go n-íocfar an dá sheachtain le chéile roimh ré ar an Déardaoin an 22 Nollaig. Le do thoil cur an eolas seo ar fad ar fáil faoin 14ú Nollaig roimh 4pm (Gnáthsheachtain amháin agus dhá sheachtain satodhchaí).

Mura féidir leat an patrún oibre ionchais a chur ar fáil faoi 4pm an 14ú Nollaig, le do thoil cur do ghnáthsheachtain isteach (13ú / 14ú) faoi 4pm Dé Céadaoin 14ú agus is féidir linn glacadh fós leis na patrúin ionchais faoi 4pm an 16ú Nollaig. Beidh ort logáil isteach arís chun é seo a chur ar fáil faoin 16 Nollaig.

Mura féidir leat do phatrún oibre ionchais a chur ar fáil roimh an spriocdháta seo, is féidir é a chur isteach mar is gnách gach seachtain. Áfach, beidh moill ar íocaíochtaí na seachtaine sin go dtí tar éis na Nollag. Sa chás seo ba cheart duit do phatrún a chur isteach agus dul i dteagmháil le d'oifig áitiúla.

 Má bhí aon athruithe ar an bpatrún oibre ionchais a chuir tú isteach, ba cheart duit na sonraí a chuir ar fáil sa cheist "Athrú Cúinsí" i mí Eanáir.