Beidh cuntas MyGovID  ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Cad is Tréimhsí Cúraim ann?

Clúdaíonn an t-iarratas Tréimhsí Cúraim trí scéim:

Ag brath ar do chúinsí, d'fhéadfaí measúnú a dhéanamh ort le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na scéimeanna atá leagtha amach thuas. Ní bhfaighidh tú ach cinneadh maidir leis na scéimeanna a ndéantar measúnú ort dóibh. Tá tuilleadh sonraí faoi na critéir incháilitheachta do na scéimeanna seo le fáil ar gov.ie.

Cé atá in ann cáiliú do Ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha?

Déanann an Scéim Ranníocaíochta Do Chúramóirí Fadtéarmacha an próiseas níos éasca do chúramóir chun cáiliú do ráta níos airde den Phinsean Stáit Ranníocach nuair a shroicheann tú aois an phinsin.

Féadtar Ranníocaíocht Cúramóirí Fadtéarmacha a bhronnadh ort le haghaidh gach seachtaine a chuir tú cúram ar fáil do leanbh nó do dhuine fásta éagumasaithe a raibh cúram agus aire lánaimseartha ag teastáil uaidh/uaithi.

Tabhair faoi deara: Ní féidir Ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha a úsáid ach amháin le haghaidh incháilitheacht an Phinsin Stáit Ranníocach nuair a bheidh 20 bliain (1040 seachtain) cúraim tugtha agat.

Is féidir tuilleadh sonraí faoi na critéir incháilitheachta le haghaidh Ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha a fháil ar gov.ie.

Cé atá in ann cáiliú don Scéim um Chúramaí Baile agus do Thréimhsí Cúram Baile?

Mar gheall ar an Scéim um Chúramaí Baile agus na Tréimhsí Cúraim Baile, tá sé níos éasca duit mar chúramaí baile nó mar chúramóir baile cáiliú do ráta níos airde den Phinsean Stáit Ranníocach nuair a shroicheann tú aois an phinsin.

Is féidir an Scéim um Chúramaí Baile nó Tréimhsí Cúram Baile a bhronnadh sa chás go raibh tú ag tabhairt aire do dhuine sna catagóirí thíos:

  • leanbh nó leanaí faoi bhun 12 bhliain d'aois, nó
  • leanbh nó leanaí os cionn 12 bhliain d'aois a raibh leibhéal méadaithe cúraim ag teastáil uathu, nó
  • duine fásta a raibh leibhéal méadaithe cúraim ag teastáil uaidh

Tabhair faoi deara: Tugadh an Scéim um Chúramaí Baile isteach ar an 6 Aibreán 1994. Ní féidir ach tréimhsí cúraim a thug tú tar éis an dáta seo a chur san áireamh, suas le 20 bliain ar a mhéad.

Ní féidir Tréimhsí Cúram Baile a bhronnadh ort ach amháin gur saolaíodh thú ar 1 Meán Fómhair 1946 nó dá éis. Is féidir Tréimhse Cúram Baile a dhámhachtain do gach seachtain nach bhfuil clúdaithe cheana féin ag ranníocaíocht árachais shóisialaigh íoctha nó creidiúnaithe.

Is féidir tuilleadh sonraí faoi na critéir incháilitheachta don Scéim um Chúramaí Baile agus do Thréimhsí Cúram Baile a fháil ar gov.ie.

Cad a iarrfar ort?

Do shonraí

Ceisteanna fút féin agus faoi do chúinsí agus tú ag tabhairt aire do dhuine eile.

Sonraí faoi aon duine ar thug tú aire dóibh

Fiafrófar díot an raibh tú riamh mar phríomhchúramóir do dhuine eile. Má bhí, teastóidh sonraí an duine sin uait amhail a D(h)áta Breithe/S(h)loinne Breithe na Máthar/ UPSP agus na dátaí ar chuir tú cúram ar fáil.

Sonraí faoin leibhéal cúraim a chuir tú ar fáil do dhuine

Má thug tú aire do dhuine éigin, cuirfear ceisteanna ort chun an leibhéal cúraim a chuir tú ar fáil a fháil amach.

Tréimhsí Cúraim
Déan Iarratas Anois

Beidh cuntas MyGovID  ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.